Beir beannacht óm chroí go tír na hÉireann, bánchnoic Éireann Ó, Chun a maireann de shíolrach Ír is Éibhir ar bhánchnoic Éireann Ó; An áit úd 'nar aoibhinn binnghuth éan Mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gael, Mo chás a bheith míle míle i gcéin ó bánchnoic Éireann Ó.
Bíonn barra bog slím ar chaoinchnoic Éireann, bánchnoic Éireann Ó, Is is fearra ná an tír seo díogha gach sléibhe ar bhánchnoic Éireann Ó; Is ard a coillte 's is díreach réidh Is an bláth mar aol ar mhaoilinn géag, Tá grádh im' chroí is im' intinn féin do bhánchnoic Éireann Ó.
Ní fhaicim a gcóraid ag gabhóil sa taobh so, bánchnoic Éireann Ó, Ní fhaicim a mbólacht dá treor chun féir ann, bánchnoic Éireann Ó; Ach barca dá seoladh le fóirneart gaoth, Is farraigí móra go deo lena dtaobh, Go bhfaiceathar fós mé im' chóige féin - ar bhánchnoic Éireann Ó.
Tá gasra líonmhar i dtír na hÉireann, bánchnoic Éireann Ó, D'fhearchoin ghroí ná cloífeadh céadta, ar bhánchnoic Éireann Ó; M'atuirse chroí, mo chaoineadh géar! Iad ag gallaphoic síos fé ghreím, mo léan! Is a mbailte á ríomh fé chíos go daor - bánchnoic Éireann Ó.
Is fairsing 's is muar iad cruacha Éireann, bánchnoic Éireann Ó; A cuid meala agus uachtair gluaisid 'na slaoda ar bhánchnoic Éireann Ó; Rachaidh mise ar cuairt nó is luath mo shaol Don talamh bhig shuairc is dual do Ghaeil, B'fhearra liom ná duais dá uaisleacht é bheith ar bhánchnoic Éireann Ó.
Scaiptear an drúcht ar gheamhar 's ar fhéar ann, ar bhánchnoic Éireann Ó, Is tagaid ann úlla cumhra ar géagaibh, ar bhánchnoic Éireann Ó; Biolar is samhadh i ngleanntaibh ceoigh Is na srutha sa tsamhradh ag labhairt ar neoin, Bíonn maise gheal is clú i gcúilinn óig ar bhánchnoic Éireann Ó.
Is oscailte fáilí an áit sin Éire, bánchnoic Éireann Ó, Bíonn toradh na sláinte i mbarr na déise ar bhánchnoic Éireann Ó; Ba bhinne 'ná méara ar théadaibh ceoil Ag seinm liom géimneach a lao is a bó, Bíonn taitneamh na gréine orthu, aosta is óg ar bhánchnoic Éireann Ó
Mháircaish. Lá Fhéile Pádraig 2006 |